Gníomhartha 10:9-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus ar ná mharach, ag síubhal dóibhsean, agus ag drud ris an gcathraigh, do chuáidh Peadar súas ar an dtigh do dhéanamh úrnaighe dtimcheall an seaséadh húair.

10. Agus tárla gur ghabh ocarus romhór é, agus ba mían ris bíadh chaitheamh: agus an feadh do bhádarsan ag ullmhúghadh neithe, do chúaidh seision a néull,

11. Agus do chonnairc sé neamh osgailte, agus soighteach áirighe ag teachd a nsúas chuige, amhail bhraithlín mhór agus a cheithre beanna ceangailte, noch do léigeadh síos ar an dtalamh:

12. Ann a raibh gach uile ghné bheathaidh cheathairchosaidh na talmhan, agus bheathaidh allta, agus phíasd shnámhus an talamh, agus éunlaith a naicéir.

13. Agus tháinic gúth chuige, Eirigh, a Phéadair; marbh, agus ith.

14. Achd a dubhairt Peadar, Ní headh, a Thighearna; óir níor ith mé ríamh éinni coitcheann nó neamhghlan.

15. Agus a dubhairt an gúth ris a rís an dara huáir, Ná neíthe ghlan Día, ná habairse neamhghlan íad.

16. Agus do rinneadh so fó thrí: agus a rís do tógbhadh an soitheach súas air neamh.

17. Agus ar mbeith do Pheadar ag déunamh ámharuis ann féin créud í an táibhsise do chunnairc sé, Féuch, na teachdairighe do cuireadh ó Chornélius ag íarraidh thighe Shiómóin, agus do sheasadar ag an dorus,

18. Agus do ghoíreadar, agus dfíafruigheadar an raibh Síomón dar chómhainm Peadar ann sin.

19. Agus ar mbeith do Pheadar ag smuáineadh ar an dtáibhse, a dubhairt an Spiorad ris, Féuch, atá tríur fear dod íarraidh.

20. Uime sin éiridh, téigh síos, agus imthigh ríu, gan amharus ar bith do bheith ort: óir is misi do chuir uáim íad.

Gníomhartha 10