33. Ar a nadhbharsa a nuáir sin féin do chuir me fios ortsa; agus as maith do rinne tú theachd. Uime sin a nois atámuid uile a bhfiadhnuise Dé, chum eisdeachda gacha uile neithe do haithnigheadh dhiotsa ó Dhía.
34. Agus ar nosgladh a bhéil do Pheadar a dubhairt sé, Do gheibhim go fírinneach nach bhféuchann Día do phearsannaibh seach a chéile:
35. Achd am gach uile chineadh gabhuidh sé ris an tí, air ambí a eagla agus do ní ceart.
36. An bhríathar noch do fhoillsigh sé do chloinn Israél, ag soisgéulughadh síothchána tré Iósa Críosd: noch atá na Thighearna ós cionn na nuile:
37. Atá a fhios agaibhse, créud do rinneadh feadh thíre Iúdaidhe uile, ag tosughadh ón Ngalilé, tar éis an bhaisdigh noch do sheanmóraidh Eóin;
38. Cionnus do ung Día Iósa Nasárrgha ris an Spiorad Náomh agus lé cumhachdaibh: noch do chuáidh timcheall ag déunamh maitheasa, agus ag sláunughadh gach a raibh fá leathtrom tré chumhachdaibh an diabhail; óir do bhí Día maille ris.
39. Agus atámaóidbe dfíadhnuise ar na huile neithe do rinne sé a ttír Iúdaighe, agus a Niarusalém; noch do mharbhadar dhá chrochadh a gcroich:
40. Do thog Día é so súas an treas lá, agus dfoillsigh sé é;
41. Ni don phobál uile achd do na fíadhnuisibh do thogh Día roimh láimh, eadhon dúinne, noch do ith agus do ibh na fhochair tar éis a éiseirghe ó mharbhaibh.