21. Ar ndul síos do Pheadar an tan sin chum na bhfear do cuireadh chuige ó Chornélius; a dubhairt sé, Féuchaidh, is misi an té atá sibhse íarraidh: créud é an tadhbhar fá dtangabhair?
22. Agus a dubhradarsan, Cornélius an caiptín, duine comhthrom, air a bhfuil eagla Dé, agus fear deaghtheasda ag an gcineadh Iúdaighe uile, fuáir sé fógra ó Dhía tré aingeal náomhtha fios do chur ortsa dá thigh féin, agus éisdeachd ré briathra úaitse.
23. An sin do ghoir sé a steach íad, agus tug sé áoidheachd dóibh. Agus ar na mhárach do imthigh Peadar ríu, agus dimthigh dream áirighe do na dearbhraithreachaibh do bhí a Níoppá ma ráon ris.
24. Agus an lá na dhiáigh sin do chuádar a steach go Séasaréa. Agus do bhí Cornélius ag fuireach ríu, ar ngairm a gháoil agus a charad ndiongmhala a gceann a chéile dhó.
25. Agus tárla ré dteachd Pheadair a sdeach, go dtáinic Cornélius do theagmháil dó, agus do onóraigh sé é, dhá léigean féin síos agá chosaibh.
26. Achd do thóg Peadar súas é, ag rádh, Eiridh; oír as duine misi féin.
27. Agus ar mbeith dhó ag comhrádh ris, do chuáidh sé a steach, agus fuair sé mórán ar gcruinniughadh a gceann a chéile.
28. Agus a dubhairt sé ríu, Atá a fhios agaibhse nách dlightheach do Iúdaighe é féin do cheangal deachdrannach, nó teachd dá ghoire; gidheadh do fhoillsigh Día dhamhsa gan duine coitcheann nó neamhghlan do ghairm do neach ar bith.
29. Ar a nadhbharsin tháinig mé gan díultadh, a núair do cuireadh fios oram: uime sin fíafruighim créud é an tádhbhar fár chuireabhair fios oram?
30. A dubhairt Cornélius an tan sin, Ré ceithre lá gus a nuáirse do bhí mé ag déunamh troisge; agus sa náomhadh huáir do bhí mé ag déunamh urnaighe ann mo thigh féin, agus, féuch, do sheas neach am fhíadhnuise a néudach dheallruightheach,
31. Agus a dubhairt sé, A Chornélius, do héisdeadh húrnaighe, agus do coimhnigheadh do dhéirc a bhfíadhnuise Dé.
32. Uime sin cuir fios go Híoppá, agus goir chugad Síomón, dar comhainm Peadar; atá se ar aóidheachd a dtigh Shíomóin fhir leasaighthe leathair láimh ris an bhfáirrge: agus an tan thiucfas sé, laibheóruigh sé riotsa.