Gníomhartha 10:16-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Agus do rinneadh so fó thrí: agus a rís do tógbhadh an soitheach súas air neamh.

17. Agus ar mbeith do Pheadar ag déunamh ámharuis ann féin créud í an táibhsise do chunnairc sé, Féuch, na teachdairighe do cuireadh ó Chornélius ag íarraidh thighe Shiómóin, agus do sheasadar ag an dorus,

18. Agus do ghoíreadar, agus dfíafruigheadar an raibh Síomón dar chómhainm Peadar ann sin.

19. Agus ar mbeith do Pheadar ag smuáineadh ar an dtáibhse, a dubhairt an Spiorad ris, Féuch, atá tríur fear dod íarraidh.

20. Uime sin éiridh, téigh síos, agus imthigh ríu, gan amharus ar bith do bheith ort: óir is misi do chuir uáim íad.

21. Ar ndul síos do Pheadar an tan sin chum na bhfear do cuireadh chuige ó Chornélius; a dubhairt sé, Féuchaidh, is misi an té atá sibhse íarraidh: créud é an tadhbhar fá dtangabhair?

22. Agus a dubhradarsan, Cornélius an caiptín, duine comhthrom, air a bhfuil eagla Dé, agus fear deaghtheasda ag an gcineadh Iúdaighe uile, fuáir sé fógra ó Dhía tré aingeal náomhtha fios do chur ortsa dá thigh féin, agus éisdeachd ré briathra úaitse.

23. An sin do ghoir sé a steach íad, agus tug sé áoidheachd dóibh. Agus ar na mhárach do imthigh Peadar ríu, agus dimthigh dream áirighe do na dearbhraithreachaibh do bhí a Níoppá ma ráon ris.

Gníomhartha 10