Gníomhartha 10:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do bhí duine áirighe a Séasárea, dar bhainm Cornélius, caiptín an bhanna dhá ngóirthear an banna Eadáilleach,

2. Duine ríaghalta, ar a raibh eagla Dé, maille ré na thigh uile, noch do bheireadh iomad déirce donphobal, agus do bhíodh ag guidhe Dé do ghnáth.

3. Do chonnairc sé go soilléir a dtáibhse a dtimcheall a náomhadh húair don ló aingeal Dé ag teachd a steach chuige, agus ag rádh ris, A Chornéliuis.

4. Agus ag féuchain dósan air go gér, agus ag gabháil eagla, a dubhairt sé, Créd é sin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision ris, Do chuáidh húrnaighthe agus do dhéirce súas a gcoimhne a bhfiadhnuise Dé.

5. Agus a nois cuir dáoine go Ioppá, agus cuir fios ar Shíomón, dar ab comhainm Peadar:

6. Atá sé ar áoidheachd a bhfochair Shíomón áirighe fear leasaighe leathair, agá bhfuil a thigh láimh ris an bhfairge: foillséochaidh sé dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh.

7. Agus ar nimtheachd don aingeal do leabhair le Cornéliuis, do ghoir sé chuige dís dá mhuinntir, agus saighdiúír díagha don druing do bhí na fhochair;

8. Agus ar bhfoillsinghádh a niomláin dóibh, do chuir sé íad go Híoppá.

9. Agus ar ná mharach, ag síubhal dóibhsean, agus ag drud ris an gcathraigh, do chuáidh Peadar súas ar an dtigh do dhéanamh úrnaighe dtimcheall an seaséadh húair.

10. Agus tárla gur ghabh ocarus romhór é, agus ba mían ris bíadh chaitheamh: agus an feadh do bhádarsan ag ullmhúghadh neithe, do chúaidh seision a néull,

Gníomhartha 10