8. Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.
9. Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do tógbhadh suás é, agus iádsan dá fheachain; agus rug neúll as a namharc é.
10. Agus an féadh do bhádar ag féachuín go gér air neamh agus eisean ag imtheachd, feuch, do sheasadar días fear a neadach geal láimh ríu;
11. Noch a dubhairt fós, A dháoine ón Ghalilé, créd fá seastháoi ag féachuin air neamh? an Tíosaso, atá ar na thogbháil úaibh air neamh, is amhluidh thiocfas sé mar do chunncabhair é ag imtheachd air neamh.