18. Uime sin do sholáthair an fearso fearann ré lúach éagcora; agus ar dtuitim dhó a ndiáigh a chinn, do bhris sé ann a lár, agus do sginneadar a inne uile amach.
19. Agus fúaradar aitreabhuigh Ierusalém uile a fhois so; a gcruth go ngoirthear don fhearannsin an a dteanguidhsion, Aceldáma, eadhon, Fearan na fola.
20. Oír atá sgríobhtha a leabhar na Salm, Go raibh a áit chomhnuidhe na fhasach, agus ná háitreabhadh duine ar bith innte. Agus glacadh neach eile a easbogoidheachd.
21. Ar a nadhbharsin is éigin áon don mhuinntirsi do bhí má ráon rinne ar feadh na haimsire uile ann a ndeachaidh an Tighearna Iósa a sdeach agus amach eadruinn,
22. (Ag tosughagh ó bhaisdeadh Eóin, go soithe an lá ann a rugadh súas uáinn é,) go mbíadh sé ar bhfochairne na fhíadhnuisi ar eiséirghesean.