Galatiánach 6:12-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. An mhéid lér mían íad féin do thaisbéunadh go sgíamhach sa ccoluinn, cuirid dfíachuibh oruibhse an timchillghearradh do ghabhail chuguibh; amháin deagla go ndéantáoi gérleanmhuin orrtha ar son chroíthe Chríosd.

13. Oír an dream sin féin atá timchillghearrtha ní choimhéuduid síad an reachd; achd as mían ríu sibhse bheith timchillghearrtha, chum mórdhála do dhéunamh dhóibh as bhur bhfeóil.

14. Gidheadh nár léige Día go ndéanuinnse mórdháil, achd as croith ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfuil an sáoghal céusda agumsa, agus misi ag an tsáoghal.

15. Oír a Níosa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neamhthimchillghearradh, achd sa gcrúthughadh núadh.

16. Agus an mhéid shiubhalfus réir na riághlachsa, síothcháin, agus trócaire orrtha, agus ar Israel Dé.

17. O so amach ná cuireadh éunduine míoshuáimhneas oramsa: oir iomchruim um chorp comharthadha an Tighearda Iósa.

18. Grása ar Dtighearna Iósa Críosd maille ré bhur spioruid, a dhearbhraithre. Amén.

Galatiánach 6