Galatiánach 5:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.

2. Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd.

3. Oír do ním dfíadhnuisi a rís do gach áon thimchillghearrthar, go bhfuíl dfíachuibh air an réachd uile do choímhlíonadh.

4. Atá an mhéid aguibh sháorthar trés an réachd, ar bhur ndealughadh ré Críosd; so thuiteabhair ó ghrás.

5. Oír atámuidne trés an Sbiorúid ó chreideamh ag fuireach ré dóthchas na fíreuntachda.

6. Oír a Niósa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neamhthimchillghearradh; achd a gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.

7. As maith do riothabhair; cía chuir tóirmeasg oruibh fá bheith úmhal do mfhírinne?

8. Ní on tí ghoireas sibh tháinic an brosdughadh so.

Galatiánach 5