Galatiánach 3:22-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Achd dfág an sgriobhtuir na huile dháoine dúnta fáoi pheacadh, ionnus go dtiubhartháoi an gheallamhuin ó chreideamh Iósa Críosd don druing chreideas.

23. Achd suil tháinic an creideamh, do congmhadh sinn fá smachd an reachda, agus do dúnadh oruinn chum an chreidimh do bhí ré hadhuigh a fhoillsighthe.

24. Uime sin a sé an reachd fá sgolmhaighistir dhúinn go Críosd, ionnus go sáorfuidhe sinn tré chreideamh.

25. Achd ar dteachd dón chreideamh, ní bhfuilmíd feasda fáoi sgolmhaighisdir.

26. Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd.

27. Oír an mheid aguibh do baisdeadh a Gcríosd do chuireabhair Críosd iomuibh.

28. Ní bhfuil Iúduighe na Gréugach, ní bhfuil sáor na dáor, ní bhfuil fear na bean: óir is áon sibh uile a Niósa Críosd.

29. Agus más lé Críosd sibh, as sibh síol Abraham gan amhras, agus oighrighe do réir na geallamhna.

Galatiánach 3