18. Na dhiáigh sin a gcionn thrí mblíadhan do fhill mé go Híarúsalém dfeucháin Pheadair: agus dfan mé na fhochair cúig lá dhéug.
19. Agus ní fhaca mé neach ar bith eile do na hapsdaluibh, achd amháin Séumus dearbhráthair an Tighearna.
20. Agus sna neithibh sgriobhuim chuguibh, féuch, tógbhuim Día dfíadhnuisi, nách bréug do ním.
21. Na dhiáigh sin tháinic mé go críochaibh na Síria agus Cilícia:
22. Agus ní raibh eólas oram do réir mfaicsiona ag eagluísibh thíre Iúdaighe noch do bhí a Gcríosd;
23. Achd amháin do chúaladar, An tí do bhí dár ngérleanmhuin roimhe so go bhfuil sé a nois ag soisgéulughadh an chreidimh do sgrios sé roimhe.
24. Agus tugadár glóir do Dhía dom tháobh.