Eóin 9:32-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Ní clos ó thósach an tsáoghail gur osguil éainneach súile duine do rughadh dall.

33. Muna mbíadh an fearso ó Dhía, níor bhéidir leis ní ar bith a dhéunamh.

34. Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, A bpeacaidhibh rugadh thusa uile, agus an dteaguisgeann tu sinne? Agus do theilgeadar amach é.

35. Do chuáluidh Iósa gur theilgeadar amach é; agus mar thárla sé air, a dubhairt sé ris, An gcreideann tusa a Mac Dé?

36. Do fhreaguir seision agus a dubhairt sé, Agus cíá hé féin, a Thighearna, ionnus go gcreidfinn ann?

37. A dubhairt Iósa ris, Do chunnairc tú é, agus an é an té labhrus riot é.

38. Agus a dubhairt seision, Creidim, a Thighearna. Agus donóruidh sé é.

39. Agus a dubhairt Iósa, chum breitheamhnuis thaínig misi ar a tsáoghalsa, ionnus go bhfaicfidís na dáoine nach bhfaiceann: agus go ndallfuidhe na dáoine do chí.

40. Agus do chúaladar cuid áirighe do na Phairisíneachuibh do bhí na fhochair na neithesi, agus a dubhradar ris, An bhfuilmídne dall leis?

Eóin 9