Eóin 9:30-37 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

30. Do fhreagair seisean, agus a dubhairt sé riú, Ata ní iongantach ann so, nach bhfuil a fhios aguibhsi gá has dó, agus gur osguil sé mó shúilesi.

31. Achd atá a fhios aguinn nach éisdeann Día na peacthuidh: achd má bheir duine onoír do Dhía, agus má ní sé a thoil, éisdidh sé an fearso.

32. Ní clos ó thósach an tsáoghail gur osguil éainneach súile duine do rughadh dall.

33. Muna mbíadh an fearso ó Dhía, níor bhéidir leis ní ar bith a dhéunamh.

34. Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, A bpeacaidhibh rugadh thusa uile, agus an dteaguisgeann tu sinne? Agus do theilgeadar amach é.

35. Do chuáluidh Iósa gur theilgeadar amach é; agus mar thárla sé air, a dubhairt sé ris, An gcreideann tusa a Mac Dé?

36. Do fhreaguir seision agus a dubhairt sé, Agus cíá hé féin, a Thighearna, ionnus go gcreidfinn ann?

37. A dubhairt Iósa ris, Do chunnairc tú é, agus an é an té labhrus riot é.

Eóin 9