30. Do fhreagair seisean, agus a dubhairt sé riú, Ata ní iongantach ann so, nach bhfuil a fhios aguibhsi gá has dó, agus gur osguil sé mó shúilesi.
31. Achd atá a fhios aguinn nach éisdeann Día na peacthuidh: achd má bheir duine onoír do Dhía, agus má ní sé a thoil, éisdidh sé an fearso.
32. Ní clos ó thósach an tsáoghail gur osguil éainneach súile duine do rughadh dall.
33. Muna mbíadh an fearso ó Dhía, níor bhéidir leis ní ar bith a dhéunamh.
34. Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, A bpeacaidhibh rugadh thusa uile, agus an dteaguisgeann tu sinne? Agus do theilgeadar amach é.
35. Do chuáluidh Iósa gur theilgeadar amach é; agus mar thárla sé air, a dubhairt sé ris, An gcreideann tusa a Mac Dé?
36. Do fhreaguir seision agus a dubhairt sé, Agus cíá hé féin, a Thighearna, ionnus go gcreidfinn ann?