Eóin 9:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ag gabháil thairis, do chunnairc Iósa duine do bhí dall ó rughadh é.

2. Agus dfíafruigheadar a dhéisciobuil de, ag rádh, A Mhaighisdir, cía phacuidh, an fearso féin, nó a athair agus mhathair, fár rugadh dall é?

3. Do fhréaguir Iósa, Níor pheacuidh sé so, ná a athair agus a mhathair: achd do chum go bhfoillséochtháoioibreacha Dé ann.

4. Is éigean damhsa oibreacha an té ó dtáinig mé do dhéunamh, an feadh as lá é: atá a noidhche ag teachd, ann nach bhféadann áonduine obuir dhéunamh.

5. An feadh atáim ar an sáoghal, as mé solus an tsáoghail.

6. An tan a dubhairt sé so, do chuir sé seile air an dtalamh, agus do rinne sé láib don tseile, agus do chumail sé an láib do shúilibh an doill:

7. Agus a dubhairt sé ris, Imthigh, ionnail a loch Shíloam, noch mhínighthear, Ar na chur. Uime sin do imthigh sé, agus táinig a ris agus a radharc aige.

8. Ar a nadhbharsin a dubhradar na comharsain, agus na daoine do chunnairc dall é roimhe sin, An né nach é so an té do bhí na shuidhe ag iaruuidh na deirce?

9. A dubhradar cuid dhiobh, As é so é: agus cuid eile, Gur cosmhuil ris é: a dubhairt sé féin, As misi féin é.

10. Uime sin a dubhradar rís, Créd é an modh air ar hosgladh do shúile?

11. Do fhreaguir seision agus a dubhairt sé, An té dár ab ainm Iósa do rinne sé láib, agus do chumail sé dom shúilibh í, agus a dubhairt rium, Imthigh go loch Shilóam, agus ionnail: agus dimthigh misi agus dionniul mé, agus fúarus mo radharc.

12. A dubhradarsan ris ann sin, Gá háit a bhfuil sé? A dubhairt seision, Ní bhfuil a fhios agam.

13. Rugadar léo chum na Bhphairisíneach, an té so do bhí dall roimhe sin.

Eóin 9