Eóin 8:28-44 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, An tan thóigeubhtháoi súas Mac an duine, ann sin aithéontáoi gur misi atá ann, agus nach déunuim éinní uáim féin, achd gur mar do theaguisg an Tathair mé, labhruim na neithesi.

29. Agus atá an té do chuir úadh mé am fhochuir. Níor fhág an Tathair am áonar mé; do bhrigh go ndéunuim do ghnáth na neithe as mían leision.

30. Ar labhairt na neitheadhso dhó, do chréideadar mórán ann.

31. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam;

32. Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh.

33. Do fhreagradarsan é, Síol Abraham sinne, agus ní dhearnamar seirbhís déunduine ríamh: cionnas a deir tusa, Beithí sáor?

34. Do fhreaguir Iósa íad, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé do ní peacadh as seirbhíseach don pheacadh é.

35. Achd ni chomhnuigheann an seirbhíseach sa tigh go siorruidhe: fanuidh an Mac go síorruidhe.

36. Ar a nadhbharsin má sháorann an Mac sibhsi, beithí sáor dhá ríribh.

37. Atá a fhios agam gur do shíol Abraham sibh; gidheadh íarrtháoi misi mharbhadh, óir ní fhagann mo bhríathar ionad ionnuíbh.

38. Labhruimsi an ní do chunnairc mé ag Mathair: agus do nithísi an ní do chunncabhair ag bhur nathair féin.

39. Do fhreagradarsan agus a dubhradar ris, As é Abraham ar nathairne. A dubhairt Iósa ríu. Dá madh clan Dabraham sibh, do dhéunadh sibh oibreacha Abraham.

40. Achd íarrtháoi a nois misi mharbhadh, noch do innis dáoibh a nfírinne, do chúaluidh me ó Dhía: ní dhearna Abraham so.

41. Do níthísi oibreacha bhur nathar féin. Uime sin a dubhradarsan ris, Ní a nadhaltrannus rughadh sinnl atá áon Athuir aguinn, Día.

42. A dubhairt Iósa ríu: Dá madh é Día bhur Nathairsi, gan chunntabhairt do ghráidheóchadh sibh misi: óir is ó Dhía do ghluáis mé agus tháinig mé; agus ní uáim fein tháinig mé, achd eisean do chuir úádh mé.

43. Créd fá nach dtuighthí mo chomhrádhsa? ar son nach bhféudtáoi mo bhríathar déisdeachd.

44. As é an díabhal as athair dháoibh, agus as íad míana bhur nathair as toil libhsi dhéunamh. Do bhi seision na fhear dúnmharbhtha ó thus, agus níor chomhnuidh se sa bhfírinne, óir ní bhfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úadh féin labhrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as athair don bréig.

Eóin 8