8. Imthighidhsi súas chum na sollamnaso: ní racha misi súas fós chum na sollamnaso: oír niór coimhliónadh maimsir fós.
9. An tan a dubhairt sé na neitheso riú, dfan sé ann sa Ghalilé.
10. Achd tar éis a bhráithreach imtheachd suás, do chúaidh seisean mar an gcéadna suás chum na sollamna, ní ós áird, achd mar dhe ós iseal.
11. Ar a nadhbharsin diárradar na Iúdaidhe é sa tsollamain, agus a dubhradar, Gá hait a bhfuil an fear úd?
12. Agus do bhí monabhar mór a measg an phobuil na thimcheallsan: oír a dubhairt cuid díobh, As duine maith é: achd a dubhairt cuid eile, Ní headh; achd mealluidh sé an pobal.
13. Gidheadh ní tháinig áonduine thairis ós aírd ar eagla na Niúdaidheadh.
14. Achd tár éis leatha na sollamna do chríochnughadh do chúaidh Iósa súas don teampoll, agus do theaguisg sé.
15. Agus do bhí iongnadh air na Iúdaidhibh, ag rádh, Cionnas as aithnidh don fhearsa léighionn, agus nar fhoghluim sé?
16. Do fhreagair Iósa iád, agus a dubhairt sé, Ní leam féin mó theagasg, achd leis an té do chuir úadh mé.
17. Gidh bé neach lé nab áill thoilsean do dhéunamh, aithéonaidh sé a dtimcheall an teaguisg, más ó Dhía atá sé, nó an uáim féin labhruimsi.
18. Gidh bé labhrus uádh féin, a sí a ghlóir an té chuireas uádh é, atá sé fírinneach, agus ní bhfuil éagcóir ann.