42. An né nach dubhairt an sgriobtúir Go dtiocfadh Críosd do shíol Dháibhi, agus as Betelém an baile an a raibh Dáibhi?
43. Déirigh connspóid a measg an phobail ar a shonsan.
44. Agus do bhreathnuigheadar cuid díobh a ghlacadh; achd níor chuir éunduine lámha ann.
45. Uime sin tangadar na máoir chum na nárdsagart agus na Bhphairisíneach; agus dfiafruigheadarsan díóbh, Créud fá nach tugabhair libh é?
46. Do fhreagradar na hoifigidh, Níor labhair duine riamh mar an duinesi.
47. Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Phairísínigh iádsan, An bhfuiltísi mar an gcéudná ar bhur mealladh?
48. Nar chreid áoinneach do na húachdaranaibh ann nó do na Phairisíneachaibh?
49. Achd atá an pubalso ag nach bhfuil éolas an dlighidh mallaighthe.
50. A dubhairt Nicodémus riú, (an té tháinig chuige ann sa noidhche, agus do bhí na áon dióbhsan,)
51. An ndáorann ar ndligheadhne duine ar bith, ní as táosga ná chluinfeas sé úadh agus aitheónaidh sé cred do rinne sé?
52. Do fhreagradar agus a dubhradar ris, An ón Ghalilé thusa leis? Lorgair, agus féuch: oír níor éirigh fáidh ón Ghalilé riámh.
53. Agus do imthigh gach áon dá thigh féin.