Eóin 7:36-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

36. Créud as cíall don chomhrádhso a dubhairt sé, Iárrfuidhe mé, agus ní bhfuighthi: agus an ait a mbía me, ní fhéadfuidhesi teachdann?

37. Agus ann sa lá mhór dheigheanach, don tsollamuin, do sheas Iósa agus do éigh sé, ag rádh, Má tá tart ar áonduine, tigheadh sé chugamsa, agus ibheadh sé.

38. Gidh bé chreideas ionnamsa, mar a dubhairt an sgrioptúir, lingfid srotha duisge bhéo as a bhroinn.

39. (Do labhair sé so a dtimcheall na Spioraide, do ghlacfaidís na dáoine do chreidfeadh ann san: oír ní raibh an Spiorad Náomh ar na thabhairt fós; ar son nach raibh Iósa fós ar na ghlórughadh.)

40. Uime sin, an tan do chúaladar mórán don phobal an comhrádhso, a dubhradar, Go fírinneach as é so an Fáidh.

41. A dubhradar cuid eile, As é so Criósd. Achd a dubhairt dream eile, An ón Ghalilé thiocfas Criósd?

Eóin 7