13. Gidheadh ní tháinig áonduine thairis ós aírd ar eagla na Niúdaidheadh.
14. Achd tár éis leatha na sollamna do chríochnughadh do chúaidh Iósa súas don teampoll, agus do theaguisg sé.
15. Agus do bhí iongnadh air na Iúdaidhibh, ag rádh, Cionnas as aithnidh don fhearsa léighionn, agus nar fhoghluim sé?
16. Do fhreagair Iósa iád, agus a dubhairt sé, Ní leam féin mó theagasg, achd leis an té do chuir úadh mé.
17. Gidh bé neach lé nab áill thoilsean do dhéunamh, aithéonaidh sé a dtimcheall an teaguisg, más ó Dhía atá sé, nó an uáim féin labhruimsi.
18. Gidh bé labhrus uádh féin, a sí a ghlóir an té chuireas uádh é, atá sé fírinneach, agus ní bhfuil éagcóir ann.