11. Ar a nadhbharsin diárradar na Iúdaidhe é sa tsollamain, agus a dubhradar, Gá hait a bhfuil an fear úd?
12. Agus do bhí monabhar mór a measg an phobuil na thimcheallsan: oír a dubhairt cuid díobh, As duine maith é: achd a dubhairt cuid eile, Ní headh; achd mealluidh sé an pobal.
13. Gidheadh ní tháinig áonduine thairis ós aírd ar eagla na Niúdaidheadh.
14. Achd tár éis leatha na sollamna do chríochnughadh do chúaidh Iósa súas don teampoll, agus do theaguisg sé.
15. Agus do bhí iongnadh air na Iúdaidhibh, ag rádh, Cionnas as aithnidh don fhearsa léighionn, agus nar fhoghluim sé?
16. Do fhreagair Iósa iád, agus a dubhairt sé, Ní leam féin mó theagasg, achd leis an té do chuir úadh mé.