27. Déunaidh sáothar ní ar son an bhídh théid amugha, achd ar son an bhígh mhaireas chum na beatha síorruidhe, bhéuras Mac an duine dhíbh: óir as é so an té do chomharthaigh Día an Tathair.
28. Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Créud do dhéunum, ionnus go noibréochamáois oibreacha Dé?
29. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riúm, Ag so obair Dé, sibhsi do chreideamh ann sa té do chuir sé uádh.
30. Uime sin a dubhradarsan ris, Créud é an comhartha do ní tusa, ionnus go bhfaicfiomáois agus go gcreidfiomáois duit? créud é an obair do ní tú?
31. Ditheadar ar naithrene manna ar an bhfásach; mar atá sgrióbhtha, Tug sé arán ó neamh dhóibh ré na ithe.
32. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa riú, Go deimhin, deimhin, a deirim ríbh, Nach é Máoise thug an tarán ó neamh dhíbh; achd Mathairsi do bheir dháoibh an tarán firinneach ó neamh.
33. Oír as é arán Dé an té do thuirling ó neamh, agus do bheir beatha do domhan.
34. Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, A Thighearna, Tabhuir dhúinne an taránso a gcomhnuidhe.
35. Agus a dubhairt Iósa riú, Is misi arán na beatha: an té thig chugamsa ni bhía ocras go bráth air; agus an té chreideas ionnam ní bhía tart go bráth air.
36. Achd a dubhairt mé ribh, Do chunncabhair mé fós, agus ní chreidtí.
37. Gach ní bheir an Tathair dhamh tiocfaidh sé chugam; agus an té thig chugam ní theilgfe mé amach é.