Eóin 6:26-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Do fhreagair Iósa dhóibh agus a dubhairt sé, Go deimhin, demhin a deirim ribh, go niárrtháoi mé, ní tré go bhfacabhair na comharthuidhe, achd tré gur itheabhair na haráin agus gur sásadh sibh.

27. Déunaidh sáothar ní ar son an bhídh théid amugha, achd ar son an bhígh mhaireas chum na beatha síorruidhe, bhéuras Mac an duine dhíbh: óir as é so an té do chomharthaigh Día an Tathair.

28. Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Créud do dhéunum, ionnus go noibréochamáois oibreacha Dé?

29. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riúm, Ag so obair Dé, sibhsi do chreideamh ann sa té do chuir sé uádh.

30. Uime sin a dubhradarsan ris, Créud é an comhartha do ní tusa, ionnus go bhfaicfiomáois agus go gcreidfiomáois duit? créud é an obair do ní tú?

31. Ditheadar ar naithrene manna ar an bhfásach; mar atá sgrióbhtha, Tug sé arán ó neamh dhóibh ré na ithe.

Eóin 6