Eóin 6:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Na ndiáigh so do chuáidh Iósa tar fairge na Galilé, Thibérias.

2. Agus do lean buidhean mhór é, tré go bhfacadar na chomharthuidhe do rinne sé ar na dáoinibh éugcrúaidhe.

3. Agus do chúaidh Iósa suás ar shlíabh, agus do shuidh sé ann sin maille ré na dheisciobluibh.

4. Agus do bhí an cháisg, féusda na Níudaigheadh, bhfogus.

5. An tan do thóg Iósa a shúile suás, agus do chunnairc sé go dtáinic buidhean mhór chuige, a dubhairt sé ré Philib, Ga háit as a gceinneochamáois arán, do chum go níosaidís so ní?

6. (Achd a dubhairt sé so da theasdtughadhsan: oír do bhí a fhios aige féin créd do dhéunadh sé.)

7. Do fhreagair Philib dhó, Ní lór dhóibh luách dhá chéud phighinn daránuibh, do chum go nglacfadh gach áon aca beagán.

8. A dubhairt áon dá dheisciobluibh, Aindrías, dearbhrathair Shíomoin Peadair ris,

9. Atá búachuill beag áirighe an so agá bhfuilid cúig aráin eórna, agus dá iásg bheaga: achd créud iád sin eidir an uiread so?

Eóin 6