6. Agus do bhí tobar Iácob ann sin. Ar a nadhbharsin, ar mbeith curtha Díosa ó nasdar, do shuidh sé mar sin ar an tobar: agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair.
7. Taínig bean ó Shamária tharraing uisge: a dubhairt Iósa ría, Tabhair deoch dhamhsa.
8. Oír do chúadar a dheisciobailsion don chathraigh do cheannach bígh.
9. Ar a nadhbharsin a dubhairt an bhean Shamaritánach sin ris, Cionnas ar mbeith dhuitsí ad Iúdaighe, iárrus tú deoch oramsa, ata am mhnáoi Shamaritánaigh? Oír ní ghnáthuighid na Iúdaighe na Samaritánuigh.
10. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ría, Da mbeith fios tiodhluice Dé agad, agus cía hé an té a deir riot, Tabhair dhamh deoch; do iárrfása air, agus do bhéuradh se uisge béo dhuit.
11. A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, ní bhfuil gléus tárronga agad, agus atá an tobar domhain: ar a nadhbharsin gá háit as a bhfuil an tuisge béo sin agad?
12. An mó thusa ná ar nathair Iácob, tug dhúinne an tobarso, as ar íbh sé féin, agus a chlann, agus a áirnéis?
13. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt ría, Gidh bé neach íbheas as an uisge sin bíaidh tart air arís:
14. Achd gidh bé neach íbheas as an uisge do bhéura misi dhó ní bhía tart air go bráth; achd an tuisge do bhéara me dhó bíaidh sé na thobar uisge fhiuchaigh ann chum na beatha marrthannuighe.
15. A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, tabhair dhamhsa an tuisge sin, do chum nach bía tart oram, agus nach dtiocfa mé ann so dá tharraing.
16. A dubhairt Iosa ría, Imthigh, goir thfear féin, agus tarr ann so.
17. Do fhreagair an bhean agus a dubhairt sí ris, Ní bhfuil fear agam, A dubhairt Iósa ría, As maith a dubhairt tú, Ní bhfuil fear agam:
18. Oír do bhádar cúigear fear agad; agus an té atá agad a nois, ní hé thfear féin é: a dubhairt tú so go fírinneach.
19. A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, do chím gur fáidh thú.
20. Do rinneadar ar naithre adhra ar a tsliábh so; agus a deirthisi, gur ab a Niarúsalém atá an tionad ann ar bhéigean adhra do dhéunamh.
21. A dubhairt Iósa ría, A bhean, creid misi, tig an uáir, nach adharfuighe an Tathair, ar a tslíabhso, ná a Niárusalém.