37. Oír as ann so atá an radh úd firinneach, Go síolchuireann neach, agus go mbeanann neach eile.
38. Do chuir misi sibhsi do bhúain an neithe nar sháothrabhair: do sháothraigheadar dáoine eile, agus do chúabhairisi a steach ann a sáothar.
39. Agus do chreideadar mórán do Shamaritanachaibh na caithreacha sin ann san ar son chomhráidh na mná, noch do dhearbhuigh, Dubhairt sé leam gach ní dá ndearna mé.
40. Ar a nadhbharsin an tan tangadar na Samaritanaigh chuige, díarradarair fuireach aca féin: agus do chomhnuigh sé dhá lá ann sin.
41. Agus as ro mhó ná sin do chreid ann ar son a bhréithre féin.
42. Agus a dubhradar ris an mnáoi, Ní ar son do chomhráidhse chreidmídne feasda: óir do chúalamar féin é, agus atá a fhios aguinn go fírinneach gur ab é so Críosd, Slánuightheóir an domhain.
43. Agus tair éis dhá lá do chúaidh sé as sin, agus dimthigh sé don Ghalilé.
44. Oír rug Iósa féin dfíadnuisi, nach bhfuil cion ar fháidh ánn a thír féin.
45. Ar a nadhbharsin an tan tháinig sé do Ghalilé, do ghabhadar luchd na Galilé chuca é, íar bhfaicsin gach ní dá ndearna sé a Nierusalem lá an fhéusda: óir tangadarsan féin chum an fhéusda.
46. Ar a nadhbharsin táinig Iósa a rís go Cána na Galilé, mar a ndéarnuidh sé fíon don uisge. Agus do bhí tighearna áirighe, a Gcápernáum agá raibh a mhac tinn.
47. An tan do chúaluidh sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaighe don Ghalilé, do chuáidh sé amach chuige, agus díarr sé air dul síos, agus a mhac do shlánughadh: óir do bhí sé ré huchd bháis.
48. Ar nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Muna bhfaicthí comharthuighe agus míorbhuile, ní chreidfidhe.
49. A dubhairt an tighearna ris, A Mhaighisdir, éirigh síos suil do gheabhas mo mhac bás.