20. Do rinneadar ar naithre adhra ar a tsliábh so; agus a deirthisi, gur ab a Niarúsalém atá an tionad ann ar bhéigean adhra do dhéunamh.
21. A dubhairt Iósa ría, A bhean, creid misi, tig an uáir, nach adharfuighe an Tathair, ar a tslíabhso, ná a Niárusalém.
22. Adhraigh sibhse an ní nach fios díbh: adhramáoidne an ní as fios dúinn: oír as ó na Iúdaidhibh atá sláinte
23. Achd tig an uáir, agus atá sí ann a nois, an tan adharfuidh an luchd adhra fírinneacha an Tathair a spiorad agus a bhfirinne: oír go deimhin iárruidh an tathair a leitheid so dá adhradh féin.
24. Is Spiorad Día: agus an dream adhras é as éigin dóibh a adhra a spioraid agus a bhfírinne.
25. A dubhair an bhean ris, Atá a fhios agam go dtiocfa an Messías, (ré a nabarthar Críósd:) an tan thiocfas sé foillséochuidh sé na huile neithe dlrúinn.
26. A dubhairt Iósa ría, As misi é labhrus riotsa.
27. Agus fa namsin thangadar a dheisciobailsion, agus do biongnadh léo gur labhair sé ris an mnáoi: achd cheana ni dubhairt áoinneach, Créud iarrus tú? nó, Créud labhrus tú ría?
28. Ar a nadhbharsin dfag an bhean a sóitheach uísge, agus do chúaidh sí don chathraigh, agus a dubhairt sí ris na daóinibh,
29. Tigidh, féuchuidh an duine, a dubhairt riumsa gach éin ní dá ndearna mé ríamh: a né nach é so Críosd?
30. Ar a nadhbharson do chuádar amach as an gcathraigh, agus tangadar chuigision.
31. Agus diárradar a dheisciobail air fá a namsin ag rádh, A Mhaighisdir, ith bíadh.