12. An mó thusa ná ar nathair Iácob, tug dhúinne an tobarso, as ar íbh sé féin, agus a chlann, agus a áirnéis?
13. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt ría, Gidh bé neach íbheas as an uisge sin bíaidh tart air arís:
14. Achd gidh bé neach íbheas as an uisge do bhéura misi dhó ní bhía tart air go bráth; achd an tuisge do bhéara me dhó bíaidh sé na thobar uisge fhiuchaigh ann chum na beatha marrthannuighe.
15. A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, tabhair dhamhsa an tuisge sin, do chum nach bía tart oram, agus nach dtiocfa mé ann so dá tharraing.
16. A dubhairt Iosa ría, Imthigh, goir thfear féin, agus tarr ann so.
17. Do fhreagair an bhean agus a dubhairt sí ris, Ní bhfuil fear agam, A dubhairt Iósa ría, As maith a dubhairt tú, Ní bhfuil fear agam:
18. Oír do bhádar cúigear fear agad; agus an té atá agad a nois, ní hé thfear féin é: a dubhairt tú so go fírinneach.
19. A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, do chím gur fáidh thú.
20. Do rinneadar ar naithre adhra ar a tsliábh so; agus a deirthisi, gur ab a Niarúsalém atá an tionad ann ar bhéigean adhra do dhéunamh.