1. Ar a nadhbharsin an tan do aithin an Tighearna go gcúaladar na Phairisínigh gur mó do dheisciobluibh do níodh Iósa agus do bhaisdeadh sé ná Eóin,
2. (Bíodh nach baisdéadh Iósa féin, achd a dheisciobail,)
3. Do fhág sé tír Iúdaighe, agus do chúaidh sé a rís don Ghalilé.
4. Agus dob éigean do dul third Samária.
5. Ar a nadhbharsin thaínig sé go cathair Shamária, dá ngoirthear Sichar, láimh ris an bhfearann tug Iácob dha mhac fein Ioseph.
6. Agus do bhí tobar Iácob ann sin. Ar a nadhbharsin, ar mbeith curtha Díosa ó nasdar, do shuidh sé mar sin ar an tobar: agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair.
7. Taínig bean ó Shamária tharraing uisge: a dubhairt Iósa ría, Tabhair deoch dhamhsa.
8. Oír do chúadar a dheisciobailsion don chathraigh do cheannach bígh.