4. A dubhairt Nicodémus ris, Cionnas as eídir lé duine atá arsaidh a gheineamhuin? An éidi leis dul a sdeach a mbroinn a mhathar an dara húair, agus a aithbhreith?
5. Do fhreagair Iósa, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé.
6. An ní atá ar na gheineamhuin on bhfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na gheineamhuin on Spiorid is spiorad é.
7. Ná biódh ionghadh agad go ndubhairt misi riot, Gur ab éigean dáoibh bhur ngeineamhuin a rís.
8. Séidigh an gháoth mar as áill lé, agus do chluin tú a torann, achd ní bhfuil a fhios agad créud as a dtig sé, nó caít dtéid sé: is mar sin atá gach neach atá ar na gheineamhuin ón Spioruid.
9. Do fhreaguir Nicodémus, agus a dubhairt sé ris, Cionnas as eidir na neithese do bheith?
10. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad mháighisdir a Nisraél, agus gan a bhfios so agad?