26. Agus tangadar chum Eoin, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, an té do bhí ad fhochair ar an dtáoibh thall do Iordán, dá ndearna tú fíadhnuisi, féuch, baisdigh sé, agus tigid na huile dhaoine chuige.
27. Do fhreagair Eóin agus a dubhairt sé, Ní héidir lé duine éinní ghlacadh, muna raibh sé ar na thabhairt dó ó neamh.
28. A tatháoisi féin bhur bhfíadhnuisi agamsa, go ndubhairt mé, Ní misi Criosd, achd gur cuireadh roimhe.
29. An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.
30. As éigean dosan breisadh, agus damhsa laghdughadh.
31. An té thig a nuás atá sé ós cionn cháich uile: an té atá ón talamh atá sé talmhuidhe, agus labhraidh sé neither talmhuighe: an té thig ó neamh, atá sé ós cionn cháich uile
32. Agus an ní do chunnairc agus do chúalaidh sé, do ní sé so dfiadhnuise; achd ní ghlacan áonduine a fhíadnuisi.
33. An té ghlacus a fhíadhnuisisean do chomharthuigh sé go bhfuil Día fírinneach.