13. Oír ní dheachuidh éainneach suás ar neamh, achd an té do thuirrling ó neamh, Mac an duine atá ar neamh.
14. Agus mar do árduigh Máoisi a nathair neimhe ar an bhfásach, as mar sin as éigean Mac an duine dárdughadh:
15. Ionnus gidh bé chreidfeadh ann nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bhetha shiórruidhe aige.
16. Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
17. Oír níor chuir Día a Mhac féin air a tsáoghal do chum go ndaimnéochadh sé an sáoghal; achd do chum go sláinéochaidh an sáoghal third.
18. An té chreideas ann ni damantar é: achd an té nach ccreideann ata sé ar dhamhnughadh cheana, tré nar chréideann atá sé ar dhamhnughadh cheana, tré nar chréid sé a nainm áoingheine Mhic Dé.
19. Agus as é so an damhnughadh, do bhrigh go dtáinig an solus air a tsáoghal, agus gur mó ghrádhuigheadar na dáoine an dorchadas ná an solus, ar son go bhfuilid a noibreacha go holc.
20. Oír gidh bé do ní olc, fúathaighidh sé an solus, agus ní thig sé chum an tsolais, deagla go ndiomolfuidhe a oibreacha.
21. Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.
22. Táinig Iósa agus a dheisciobail na dhiaigh sin go tír Iúdaighe; agus do chomhnuigh sé ann sin maille riú, agus do bhaisd sé.