11. Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Go labhramáoid an ní as fios dúinn, agus go mbeirmíd fíadhnuisi ar an ní do chuancamar; achd ní ghabhtháoisi ar bhfíadhnuisi.
12. Má dubhairt mé neither talmhuidhe ribh, agus nach ccreidthí, cionnas chreidfidhe, dá nabra mé neither neamhdha ribh?
13. Oír ní dheachuidh éainneach suás ar neamh, achd an té do thuirrling ó neamh, Mac an duine atá ar neamh.
14. Agus mar do árduigh Máoisi a nathair neimhe ar an bhfásach, as mar sin as éigean Mac an duine dárdughadh:
15. Ionnus gidh bé chreidfeadh ann nach rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bhetha shiórruidhe aige.
16. Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
17. Oír níor chuir Día a Mhac féin air a tsáoghal do chum go ndaimnéochadh sé an sáoghal; achd do chum go sláinéochaidh an sáoghal third.
18. An té chreideas ann ni damantar é: achd an té nach ccreideann ata sé ar dhamhnughadh cheana, tré nar chréideann atá sé ar dhamhnughadh cheana, tré nar chréid sé a nainm áoingheine Mhic Dé.
19. Agus as é so an damhnughadh, do bhrigh go dtáinig an solus air a tsáoghal, agus gur mó ghrádhuigheadar na dáoine an dorchadas ná an solus, ar son go bhfuilid a noibreacha go holc.
20. Oír gidh bé do ní olc, fúathaighidh sé an solus, agus ní thig sé chum an tsolais, deagla go ndiomolfuidhe a oibreacha.
21. Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.