1. Achd do bhí duine áirighe do na Phairisíneachuibh, dar bhainm Nicodémus, dúachdaránuibh na Niúdaigheadh:
2. Taínig sé so chum Iósa ann sa noidhche, agus a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía tháinig tusa ad fhear teagaisg: oír ní heidir lé héinneach na comharthuidhe so do ní tusa do dhéunamh, muna mbeith Día maílle rís.
3. Do fhreaguir Iósa agus a dubhairt sé ris, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna gheintear duine a rís, nach éidir leis rioghachd Dé dfaicsin.
4. A dubhairt Nicodémus ris, Cionnas as eídir lé duine atá arsaidh a gheineamhuin? An éidi leis dul a sdeach a mbroinn a mhathar an dara húair, agus a aithbhreith?
5. Do fhreagair Iósa, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé.
6. An ní atá ar na gheineamhuin on bhfeoil as feoil é; agus an ni ata ar na gheineamhuin on Spiorid is spiorad é.