Eóin 20:5-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus ar gcromadh a sdeach dhó, do chunnairc sé linéadach na luidhe; gidheadh ni dheachuidh sé a steach.

6. Ann sin tháinig Síomón Peadar na dhiáighsean, agus do chuáidh sé a sdeach sa túama, agus do chúnnairc sé linéudach na luidhe,

7. Agus an náipcin, do bhí uimá cheann, ní bhfochair an línéadaigh, achd air leith ar na fhilleadh air a chéile a náon áit amháin.

8. Ann sin do chuáidh an deisciobal eile a sdeach mar an gcéudna, noch tháinig ar tús chum an túama, agus do chunnairc sé sin, agus do chreid sé.

9. Oír ní raibh fios an sgríobtúr fós aca, gur bhéigin eision deiséirghe ó mharbhaibh.

Eóin 20