Eóin 20:17-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. A dubhairt Iósa ría, Na bean rium; óir ní dheachaidh mé fós súas chum Mathar: achd imthigh romhad chum mo dhearbhraithreach, agus abair ríu, Go bhfuilim ag dul súas chum Matrhar féi, agus chum bhur Natharsa; chum mo Dhé féin, agus bhur Ndíasa.

18. Táinig Muire Mhagdalén dá innisin do na deiscioblaibh go bhfacaidh sí an Tighearna, agus go ndubhairt sé na neithese ría.

19. Agus ar dteachd an trátha nóna an lá sin féin, an céud lá don tseachdmhuin, agus ar mbeith do na dóirrdibh dúnta mar a rabhadar na deisciobáil cruinn deagka na Níuduigheadh, tháinig Iósa agus do sheas sé na lár, agus a dubhairt sé ríu, Síothcháin maille ribh.

20. Agus ar na rádh so dhó, do thaisbéin sé a lámha agus a tháobh dhóibh, Uime sin do bhí gáirdeachus ar na deisciobluibh, an tan do chunncadar an Tighearna.

21. A dubhairt Iósa ríu a rís, Siothcháin maille ribh: mar do chuir an Tathair misi úadh, cuirimsí sibhse uáim mar an géudna.

22. Agus an tan a dubhairt sé so, do shéid sé orrtha, agus a dubhairt sé ríu, Gabhuidh an Spiorad Náomh.

23. Gidh bé dhá maithfidh sibh a bpeacaidh, atáid síad maithfeadh aca; agus gidh bé peacaidh choingéubhtháoi, atáid síad congbhaithe.

24. Achd ní raibh Tomás, ré a ráitear Didimus, áon don dá fhear dhéug, na bhfochair a nuáir tháinig Iósa.

25. Ar a nadhbharsin a dubhradar na deisciobail eile rís, Do chunncamairne an Tighearna. Agus a dubhairt seision ríu, Muna bhfaice misi lórg na dtairrngeadh ann a lámhuibh, agus muna gcuire mé mo mhéur a náit na dtairrngeadh, agus muna ccuire mé mo lámh ann a tháobh, ní chreidfe mé.

26. Agus a gcionn óchd lá na dhiaigh sin do bhádar a dheisciobail a rís a stigh, agus Tomás na bhfochair: Táinig Iósa, ar mbeith do na dóirsibh dúnta, agus do sheas sé ann a lár, agus a dubhairt sé, Síothcháin maille ribh.

27. Na dhiaigh sin a dubhairt sé ré Tomás, Cuir do mhéur ann so, agus féuch mo lámha; agus tabhair do lámh leachd, agus cuir ann mo tháobh í: agus na bí míchreidmheach, achd créidmheach.

28. Agus do fhreagair Tomás agus a dubhairt sé rís, Mo Thighearna agus mo Dhia.

29. A dubhairt Iósa rís, Ar son go bhfacaidh tú mé, A Thomáis, do chreid tú: as beannaighthe na dáoine nach bhfacaidh, agus do chreid.

30. Agus do rinne Iósa mórán do mhíorbhuilibh eile a bhfíadhnuisi a dheisciobal féin, nach bhfuile sgríobhtha sa leabhar so:

31. Achd atáid so sgríobhtha, ionnus go gcreidfeadh sibh gur ab é Iósa an Críosd, Mac Dé; agus ionnas ar gcreideadh dhíbh go bhfuidheadh sibh beatha tré na ainmsion.

Eóin 20