Eóin 20:11-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Achd do sheas Muire ag an túama amuigh a gul: agus ag gul dí, do chrom sí a sdeach, ann sa túama,

12. Agus do chunnairc sí dhá aingeal na suidhe a gcúlaidhibh glégheala, fear agá cheann, agus fear agá chosaibh, sa náit iona raibh corp Iósa curtha.

13. Agus a dubhradar ría, A bhean, créud fá a nguileann tú? A dubhairt sise ríu, Do bhrígh go rugadar mo Thighearna léo, agus nach fios damh cá háit ann ar chuireadar é.

14. Agus an tan a dubhairt sí so, dfill sí ar a háis, agus do chunnairc sí Iósa na sheasamh, agus níor aithin sí gur bé Iósa é.

15. A dubhairt Iósa rís, A bhean, créud fá a nguileann tú? cía atá tú íarraigh? Ar na sháoilsin dise gur ab é an gárghadóir do bhí ann, a dubhairt sí ris, A thighearna, má rug tusa leachd é, innis damhsa gá hair ann ar chuir tú é, agus béuruidh misi leam é.

16. A dubhairt Iósa ríá, A Mhuire. Ar niompódh dhise, a dubhairt sí ris, Rabbóni; (ionnan ré a rádh agus, A Mhaighisdir.)

17. A dubhairt Iósa ría, Na bean rium; óir ní dheachaidh mé fós súas chum Mathar: achd imthigh romhad chum mo dhearbhraithreach, agus abair ríu, Go bhfuilim ag dul súas chum Matrhar féi, agus chum bhur Natharsa; chum mo Dhé féin, agus bhur Ndíasa.

18. Táinig Muire Mhagdalén dá innisin do na deiscioblaibh go bhfacaidh sí an Tighearna, agus go ndubhairt sé na neithese ría.

Eóin 20