Eóin 2:5-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. A dubhairt a mháthair ris an luchd friothóilmhe, Gidh bé ní déara sé ribh, déunaigh é.

6. Agus do bhádar sé soithighe cloiche ar na gcur ann sin, do réir ghnáthaighe ghlanta na Níudaigheadh, dhá fheircín nó a trí do ghlacadh gach áon aca.

7. A dubhairt Iósa riú, Liónaidh na soithighe so duisge. Agus do líonadar iád go soithe mbrúachaibh.

8. Agus a dubhairt sé riu, Tairrngidh a nois, agus beiridh chum úachdaraín an fhéusda é. Agus rugadar.

9. Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhí déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhi a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge;) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núaphósda chuige,

10. Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois.

11. As é so tosach míorbhuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsigh sé a ghloír féin; agus do chreideadar a dheisciobail ann.

12. Na dhíaigh sin dó chúaidh sé síos go Capernáum, é féin, agus a mháthair, agus a dhearbhráithreacha, agus a dheisciobail: achd níor fhanadar ann mórán do laéthibh:

13. Oír do bhí cáisg na Niúdaigheadh a bhfogus, Agus do chúaidh Iósa súas go Hierusalém.

14. Agus fuáir sé ann sa teampall luchd reactha damh agus cáorách agus colum, agus luchd malarta an airgid na suidhe:

15. Agus ar ndéunamh sgíursa dhó do chórduighibh caola, do chuir sé amach as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorchaibh, agus ré na ndamhuibh; agus do dhóirt sé amach ionnmhus luchd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár.

16. Agus a dubhairt sé ré luchd reactha an gcolam, Tóguidh iád sin as so, ná déunuidh tigh Mátharsa na thigh ceannuigheachda.

17. Agus do chuimhnigheadar a dheisciobailsean go raibh sgriobhtha, Duáidh éud do thighesi súas mé.

18. Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, Créd é an comhartha thaisbéanas tú dhúinn, fá ndéunann tú na neíthesi?

19. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Leagaidh síos an teampoll so, agus tóigéubhuidh misi é a dtrí láethibh.

Eóin 2