30. Ann sin ar ngabháil an bhínégre Díosa, a dubhairt sé, Atá sé ar na chríochnughadh: agus ar gcláonadh a chin, do thoirbhir sé a spiorad.
31. Ann sin na Iúdaighe, do bhrígh go raibh lá a nullmhuighe ann, ionnus nach bhfanfaidís na cuirp ann sa chroich sa tsabbóid, (óir ba mór an lá sin na sábbóide,) díarradar ar Phíoláid a luirgbe bhriseadh, agus a dtabhairt a núas.
32. Uime sin tangadar na saighdiúiri, agus do bhriseadar luirgne an chéad duine, agus an dara duine do chrochadh na fhochuir.
33. Achd an tan thangdar chum Iósa, agus do chunncadar go raibh sé cheana marbh, níor bhriseadar a luirgne:
34. Achd do tholl áon do na saidiúiribh a tháobh lé gath, agus ar an mball tháinig fuil agus uisge as.
35. Agus an té do chunnairc sin do rinne sé fíadhnuisi, agus as fírinneach a fhiadhnuisi: agus atá a fhios aige go nabair sé a nfírinne, ionnus go gcreidfeadh sibhsi.
36. Oír do rinneadh na neithesi, ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, Ní brisfidhear cnámh dhe.
37. Agus a rís a deir sgriobtuir éile, Do chífid síad an té do tholladar.
38. Agus tar éis, so, díarr Ióseph ó Arimatéa, (noch do bhí na dheísciobal ag Iósa, achd go foluigheachd ar eagla na Níuduidheadh,) air Phíoláid go mbéuradh sé corp Iósa leis: agus tug Píoláid an cead sin do. Táinig seisean ann sin, agus rug sé leis corp Iósa.
39. Agus mar an gcéudna tháinig Nicodémus, (noch tháinic air tús chum Iósa sa noidhche,) agus tug sé leis a dtimcheall chéud punnta, do mhiorr agus aloes, ar na gcumasg thrí na chéile.
40. Ann sin do thóghbhadarsan corp Iósa, agus do cheangladar a linéadach é maille ré spíosraidhibh, mar as gnáth leis na Iúdaidhibh adhlacadh do dhéunamh.
41. Agus do bhí gárrdhá ann sa náit ann ar crochadh é; agus do bhí túama núa ann sa gharrdha ann nar cuireadh duine riamh.
42. Ar a nadhbharsin tré ullmhughadh cásg na Níuduidheadh do bhrígh go ráibh an túama sin a ngar dhóibh; do chuireadar Iósa ann.