17. Agus ag iomchar a chroiche dhó do chúaidh sé amach don áit dá ngoirthear ait na cloigne, dárab ainm a Neabhrais Golgota:
18. Aít ar chrochadar é, agus dias eile maille ris, duine ar gach táobh dhe, agus Iósa a lár.
19. Agus do sgríobh Píoláidh fós tiodal, agus do chuir sé ós cionn na croiche é. Agus as é do bhí sgríobhtha ann, IOSA NASARDHA RI NA NIUDAIDHEADH.
20. Uime sin do léughadar mórán do na Iúduidhibh an tiodal so: do bhrígh go raibh a nait ann ar crochadh Iósa go gar dom chathruigh: agus do bhí sé sgríobhtha a Neabhrais, a Ngréigis, agus a Laidim.
21. Ar a nadhbharsin a dubhradar árdsaguir na Níudaidheadh ré Pioláid, Ná sgríobh, Rí na Níudúidheadh ré Pioláid, Ná sgríobh, Rí na Níuduidheadh; achd go ndubhairt sé féin, As misi Rí na Níuduidheadh.
22. Do fhreaguir Píoláid, Gidh bé ni sgríobh mé do sgriobh mé é.
23. A núair do chrochadar, na saighdiúiri Iósa, do ghlacadar a éudaighe, (agus do rinneadar ceithre cotanna, cuid do gach saighdiúir;) agus a chóta: agus do bhi an cóta gan fhugháighéul ann, ar na fhighe síos air fad.
24. Ar a nadhbharsin a dubhradar ré chéile, Ná gearram é, achd cuiream crannchar, cía agá mbíá sé: ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, a dubhairt, Do roinneadar méadaighe eatorra, agus do theilgeadar crannchar air mo chóta. Agus do rinneadar na siaghdíuírí na neithesi.
25. Agus do bhí a mhathair na seasamh a naice croiche Iósa, agus deirbhshíur a mhathar, Muire bean Chleophas, agus Muire Mhagdalén.
26. Agus an tan do chunnairc Iósa a mhathair, agus an deisciobal dob ionmhuin leis, na seasamh a láthair, a dubhairt sé ré na mháthair, A bhean, féuch do mhac!
27. Na dhiáigh sin a dubhairt sé ris an deisciobal, Féuch do mháthair! Agus úadh sin súas rug an deisciobal shuige féin dá thigh í.
28. Tar a éisi sin, ar na aithne Díosa go raibh gach uile ní ar na chríochnughadh, ionnus go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, a dubhairt sé, Atá tart oram.
29. Agus do bhí soitheach ann lán do bhinégre: agus ar líonadh spuinc don bhinéigre dhóibh, agus ar na chur a dtimcheall ísoip, do shíneadar chum a bheóil í.
30. Ann sin ar ngabháil an bhínégre Díosa, a dubhairt sé, Atá sé ar na chríochnughadh: agus ar gcláonadh a chin, do thoirbhir sé a spiorad.
31. Ann sin na Iúdaighe, do bhrígh go raibh lá a nullmhuighe ann, ionnus nach bhfanfaidís na cuirp ann sa chroich sa tsabbóid, (óir ba mór an lá sin na sábbóide,) díarradar ar Phíoláid a luirgbe bhriseadh, agus a dtabhairt a núas.
32. Uime sin tangadar na saighdiúiri, agus do bhriseadar luirgne an chéad duine, agus an dara duine do chrochadh na fhochuir.
33. Achd an tan thangdar chum Iósa, agus do chunncadar go raibh sé cheana marbh, níor bhriseadar a luirgne:
34. Achd do tholl áon do na saidiúiribh a tháobh lé gath, agus ar an mball tháinig fuil agus uisge as.