15. Achd do éighmheadarsan, Beir uáinn é, beir uáinn é, croch é. A dubhairt Pioláid ríu, An ccrochfa misi bhur Ríghsé? Do fhreagradar na hárdsagairt, Ní bhfuil rí aguinn achd Séasar.
16. Ar a nadhbharsin tug sé dhóibh é ann sin chum a chrochda.Agus do ghlacadarsan Iósa, agus rugadar léo é.
17. Agus ag iomchar a chroiche dhó do chúaidh sé amach don áit dá ngoirthear ait na cloigne, dárab ainm a Neabhrais Golgota:
18. Aít ar chrochadar é, agus dias eile maille ris, duine ar gach táobh dhe, agus Iósa a lár.
19. Agus do sgríobh Píoláidh fós tiodal, agus do chuir sé ós cionn na croiche é. Agus as é do bhí sgríobhtha ann, IOSA NASARDHA RI NA NIUDAIDHEADH.
20. Uime sin do léughadar mórán do na Iúduidhibh an tiodal so: do bhrígh go raibh a nait ann ar crochadh Iósa go gar dom chathruigh: agus do bhí sé sgríobhtha a Neabhrais, a Ngréigis, agus a Laidim.