Eóin 17:22-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Agus tug misi dhóibhsean an ghlóir thug tusa dhamhsa: ionnus go mbeidís na náon, mar atámaoidne ar náon:

23. Misi ionntasan, agus tusa ionnamsa, ionnus go mbeidís go hiomlán na náon; agus ionnus go mbíadh a fhios ag an tsáoghal gur tusa do chuir uáit mé, agus gur ghrádhuigh tú íadsan, mar do ghrádhuigh tú misi.

24. A Athair, is áill leam, an dream úd thug tú dhamh, do bheith am fhochair mar a bhfuilim; ionnus go bhfaicfidís mo ghlóir, noch thug tusa dhamh: óir do ghrádhuigh tú mé suil do chrúthuigheadh an domhan.

25. A Athair chomhthruim, níor aithin an sáoghal thusa, achd daithin misi thú, agus daithnigheadar so gur tusa do chuir uáit mé.

26. Agus dfoillsigh mé thainmsi dhóibh, agus foillséochaidh mé é: ionnus an grádh lér ghrádhuigh tú misi go mbíadh sé ionntasan, agus misi ionnta.

Eóin 17