Eóin 17:13-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.

14. Tug misi do bhríátharsa dhóibh; agus don tsáoghal íad, mar nach bhfuilimsi don tsáoghal.

15. Ní íarruim go mbéurfa íad as an tsáoghal, achd go gcoimhédfá íad air olc.

16. Ní don tsáoghal íad, mar nach don tsáoghal misi.

17. Náomhuigh íad léd fhírinne: as í do bhríatharsa an fhírinne.

18. Amhail as do chuir tusa misi chum a tsáoghail, is mar sin do chuir misi íadsan chum a tsáoghail.

19. Agus is ar a sonsan náomhaimsi mé féin, ionnus go mbéidísean mar an gcéadna ar na náomhadh sa bhfírinne.

20. Ní ar a sonsan amháin do ním guidhe, achd mar an gcéudna ar son na ndaóine chreidfios ionnam tre na mbreithirsean;

21. Ionnus go mbéidis uile náon; mar atá tusa, a Athair, ionnamsa, agus misi ionnadsa, ionnus go mbéidision mar an gcéadna na náon ionnuinne: ionnus go gcreidfeadh an sáoghal gur tusa do chuir uáit mé.

22. Agus tug misi dhóibhsean an ghlóir thug tusa dhamhsa: ionnus go mbeidís na náon, mar atámaoidne ar náon:

Eóin 17