25. Do labhuir mé na neithesi ribh a mbríathruibh: tiocfuidh a naimsir, ann nach laibéora mé ribh a mbríathruibh, achd laibhéoruidh mé ribh go follus a dtimcheall a Nathar.
26. Ann sa ló sin íarrfuidhe a mainmsi: agus ní abruim ribh, go nguídhfe mé an Tathair ar bhur son:
27. Oír atá grádh ag a Nathair féin dáoibh, ar son gur ghrádhuigheabhuitse misi, agus gur chreideabhuir gur ab ó Dhía tháinig mé.
28. Tháinig mé amach ó Nathair agus tháinig mé air a tsáoghal: fágbhuim an sáoghal, a ris, agus téighim chum a Nathar.
29. A dubhradar a dheisciobail rís, Féuch, a nois labhrus tú go soilléir, agus ní labhrann tú cosamhlachd ar bith.
30. A nois aithneamáoid go bhfuil fios na nuile neitheann agad, agus nach righeann tú a leas duine ar bithe do chur cheasda ort: as so chreidmid gur ab ó Dhía tháinig tú.