1. Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa.
2. As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh.
3. Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
4. Agus atá fhios aguibhsi gá háit a dtéighimsi, agus atá éolus na sligheadh aguibh.