6. Ann sin tháinig sé chum Siomóin Peadair: agus a dubhairt Peadar ris, a Thighearna, an bhfuil tusa ag ionnladh mo chosa sa?
7. Do fhreaguir Iósa agus a dubhairt sé ris, Ní bhfuil a fhios agadsa nois créd do nímsi; achd biáidh a fhíos agad na dhiáigh so.
8. A deir Peadar rís, Ní nighfe tú mo chosasa ga bráth. Do freaguir Iósa é, Muna nighfe mé thú, ní bhía cumann agad ríum.
9. A dubhairt Siomón Peadar ris, A Thighearna, ní híad mo chosa amhain, achd mo lámha agus mo cheann mar an gcéadna.
10. A dubhairt Iósa ris, Gidh bé atá nighte ní bhfuil duireasbhuidh air achd a chosa nighe, achd atá sé glan uile: agus atá sibhsa glan, gidheadh ní bhfuilti uile glan.
11. Oír do bhí a fhios aige cía bhraithfeadh é; uime sin a dubhairt sé, Ní bhfuiltí uile glan.
12. Ar a nadhbharsin tar éis a gcos dionnladh dhó, agus a bhruit do ghabháil uime, ar suidhe síos dhó a ris, a dubhairt sé ríu, An dtuigthí créd do rinne mé ribh?
13. Goirthísi Maighisdir agus Tighearna dhíomsa: agus as maith a deirthi sin; óir as mar sin atáim.
14. Ar a nadhbharsin, má díonnail misi atá am Thighearna agus am Mhaighisdir bhur gcosasa; as coir dháoibhsi mar an gceadna cosa chéile díonnladh.
15. Oír tug mé éisiomplair dháoibh, do chum go ndéanadh sibhsi, mar do rinne misi dháoibhsi.
16. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Ní mó an tóglach na a mhaighisdir; agus ní mó an teachdaire na an té do chuir úadh é.
17. Má thuigthí na neithesi, bía sibh beannaighe má níthí íad.