Eóin 13:24-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Ar a nadhbharsin do sméid Síomón Peadár ar an bhfearsin, do chum go bhfiafróchadh se cía ar labhair sé.

25. Ann sin ar gcláonadh dhósan a nuchd Iósa, a dubhairt sé ris, A Thighearna, cía hé?

26. Do fhreaguir, As é an té, dhá dtiobhra misi greim aráin, déis a thumtha. Agus ar na thuma thug sé an greim do Iúdás Iscaríot mhac Síomóin.

27. Agus tar éis an ghreama annsin do chúaidh an Táidhbherseóir a steach ann san. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Gidh bé ní atá tú dhéanamh, déuna go tapaidh é.

28. Achd níor thuig éainneach dá raibh a dtimcheall an bhuird créd fá ndubhairt sé so ris.

29. Oír do sháoileadar cuid dhíobh, do bhrigh gur ab ag Iúdas do bhí an sparán, gur ab é ní a dubhairt Iósa ris, Ceannuigh dhúinn gidh bé bhías a riachdanus oruinn chum na sollamna; nó, ní éigin do thabhairt do na bochdaibh.

30. Agus an tan do ghlac seision an greim dimthigh sé amach ar ball: agus do bhí an oidhche ann.

31. Uime sin, ar ndul amach dhó, a dubhairt Iósa, a nois atá Mac an duine ar na ghlórughadh, agus atá Día ar na ghlórughadh ann.

32. Má atá Día ar na ghlórughadh annsan, do bhéara Día glóir dhósan ann féin mar an gcéudna, agus do bhéura sé glóir dhó ar an mball.

33. A chlann bheag, atáim fós seal beag bhur bhfarradh. Iarrfuidhe mé: gidheadh már a dubhairt mé ris na Iúduidhibh, Gidh bé áit a dtéighimsi, ní fhéudfáoisi theachd ann; is mar sin a deirim ribhsi a nois.

34. Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin.

35. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.

36. A dubhairt Siomón Peadar ris, A Thighearna, gá háit a dtéid tú? Do fhreaguir Iósa é, Mar a dtéighimsi, ni fheudann tusa a nois mo leanmhuin; gidheadh leanfuidh tú mé na dhiáigh so.

Eóin 13