23. Agus do bhí áon dá dheisciobluibh na luidhe a nuchd Iósa, noch dob ionmhuin leis.
24. Ar a nadhbharsin do sméid Síomón Peadár ar an bhfearsin, do chum go bhfiafróchadh se cía ar labhair sé.
25. Ann sin ar gcláonadh dhósan a nuchd Iósa, a dubhairt sé ris, A Thighearna, cía hé?
26. Do fhreaguir, As é an té, dhá dtiobhra misi greim aráin, déis a thumtha. Agus ar na thuma thug sé an greim do Iúdás Iscaríot mhac Síomóin.
27. Agus tar éis an ghreama annsin do chúaidh an Táidhbherseóir a steach ann san. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Gidh bé ní atá tú dhéanamh, déuna go tapaidh é.
28. Achd níor thuig éainneach dá raibh a dtimcheall an bhuird créd fá ndubhairt sé so ris.
29. Oír do sháoileadar cuid dhíobh, do bhrigh gur ab ag Iúdas do bhí an sparán, gur ab é ní a dubhairt Iósa ris, Ceannuigh dhúinn gidh bé bhías a riachdanus oruinn chum na sollamna; nó, ní éigin do thabhairt do na bochdaibh.