Eóin 12:6-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Gidheadh a dubhairt seision so, ní hé go raibh suim aige ann sna bochdaibh; achd ar son gur ghaduidhe é, agus gur ab aige do bhí an sparán, agus gur ab é diomchradh an ní do chuirthí ann.

7. Uime sin a dubhairt Iósa, Léig dhi: fá chomhair láethe madhluicthe do thaisgidh sé so.

8. Oír atáid na boichd bhur bhfarradh do gnáth; acht ní bhía misi do gnáth agaibh.

9. Agus do bhí a fhios ag cuid mhóir do na Iúdaidhibh go raibh sé ann sin: agus tangadar ní ar son Chríosd ámháin, achd do chum go bhfaicfidís Lásarus fós, noch do dhúisigh seision ó mharbhuibh.

10. Uime sin do rinneadar na hárdsagairt do chomhairle Lásarus fós do mharbhadh;

11. Do bhrígh gur imthiodar mórán do na Iúdaidhibh air a shonsan, agus gur chreideadar a Níosa.

Eóin 12