Eóin 12:46-50 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

46. Táinig mé mar sholus chum an tsáoghail, ionnus gidh bé chreideas ionnam nach déanadh sé comhnuidhe a ndorchadas.

47. Agus gidh bé neach éisdeas mo bhríathra, agus nach ccreidfe íad, Ní dháorfa misi é: óir ní tháinig mé do dhamnughadh an domhain, achd do shlánughadh an domhain.

48. Gidh bé dhíultus mé, agus nach gabhann chuige mo bhríathra, atá aige neach dháorus é: an bhríathar do labhair mé, as í dháorfus é sa ló deigheanach.

49. Oír níor labhair misi úaim féin, achd an Tathair ó dtáinig mé, tug sé áithne dhamh, créd as cóir dhamh aradh, agus creud as coir dhamh a labhairt.

50. Agus atá a dheimhin agam gur beatha mharrthanach a áithnesion: Ar a nadhbharsin na neithe a deirimsi, is amhluidh a deirim íad mar a dubhairt an Tathair ríum.

Eóin 12